Ailtireacht Rómhánúil
Foirm ailtireachta a bhí leitheadúil in iarthar na hEorpa ón 10ú-12ú céad, a fuair an t-ainm de bhrí gur úsáideadh gnéithe Rómhánacha cosúil le colúin is áirsí cruinne, bíodh is gur úsáideadh iad ar bhealaí neamh-Rómhánacha chun cúlbhánna, aghaidheanna, túir is coirp le han-chuid sraitheanna stuabhealaí a mhaisiú. Ag druidim chun deireadh na ré sin, ba chomhartha é úsáid na mboghtaí iomaireacha go raibh tús le foirmeacha Gotacha ailtireachta. Is iad na heaglaisí ollmhóra boghtacha atá maisithe go hiontach le dealbhóireacht, cosúil leis na hardeaglaisí i nDurham Shasana is i Santiago de Compostela na Spáinne, na séadchomharthaí is fearr ollásaí san ailtireacht seo.
Ailtireacht Rómhánúil in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é Séipéal Chormaic, ar Charraig Phádraig, Co. Thiobraid Árann, a coisriceadh sa bhliain 1134, an ceann is luaithe agus is fearr díobh seo in Éirinn. I measc na nuálaíochtaí ag Séipéal Chormaic, tá: ballaí d’eisléir (clocha cóirithe) gaineamhchloiche; áirsí leathchiorclacha ar fhuinneoga agus ar dhoirse; sraith ord-áirsí mar mhaisiúchán ar na doirse seo; corp agus saingeal sa leagan amach (féach thíos); réimse móitífeanna tipiciúla - fiarláin, rachtáin agus scrollaí ar mhullach colún.[1] Ní raibh roinnt mhaith de na gnéithe atá le feiceáil i Séipéal Chormaic le feiceáil sna séipéil a tógadh ina dhiaidh sin. Roghnaigh na saoir chloiche líon teoranta de na gnéithe agus d’úsáid siad iad i stíl nua Rómhánúil-Ibeirneach. Leagadh amach corp agus saingeal eaglaise; snoíodh réimse leathan de mhóitífí Rómhánúla i ngaineamhchloch; ba mhinic a rinneadh sraith de shnoíodóireacht fhíorchasta ar an doras isteach, a bhíodh i lár na binne thiar. Is é an doras isteach ar Ardeaglais Chluain Fearta in oirthear Cho. na Gaillimhe an sampla is fearr de seo.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Buaicphointí Carraig Phádraig".
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ailtireacht Rómhánúil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 21.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |